I mí Bealtaine 2013, bhí mé ag bogadh thart arís agus mé ag obair i spásanna éagsúla mar an Filmbase agus Amharclann Smock Alley ach bhí mé fós ag lorg ionad buan.
I mí Eanáir 2014, cheap mé go raibh mo cheanncheathrú aimsithe agam faoi dheiridh ag 5 Rae Cavendish (i gCearnóg Pharnell, os comhair Amharclann an Gheata) ach fairíor, díoladh an foirgneamh sin freisin agus bhí orm bogadh arís. Ach anois tá gailearaí álainn faighte againn ag 3 Sráid Mhór na Danmhairge, díreach os comhair Ostán an Belvedere. Tá an-áthas orm a bheith ag fanacht sa cheantar stairiúl seo.
Leanfaidh mé liom ag eagrú taispeántais ealaíne comhaimseartha in ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre as seo amach ach anois, ós rud é go bhfuil oifig agus gailearaí fairsing (50 méadar cearnaithe) agam i lár na cathrach, is féidir leat teacht agus saothar ár n-ealaíontóirí a fheiscint gan stró – i dtímpeallacht níos cúlráidí, i gcroí lár Cheathrú Chultúrtha Chearnóg Pharnell. Tá Gailearaí Cathrach an Hugh Lane, Músaem na Scríobhnóirí, Ionad James Joyce agus ar ndóigh, ár gcomharsa béal dorais, Amharclann O'Reilly i gColáiste Belvedere, lonnaithe san Cheathrú céanna ag barr Shráid Uí Chonaill.
Beidh mé ag tnúth le fáilte chroíúil a chur romhat sa Ghailearaí go luath. Ná déan dearmad súil a choimeád ar “
News” agus ar “
Exhibitions”, le fáil amach faoin nuacht is déanaí, faoi imeachtaí spéisiúla, nó faoi taispeántais reatha agus taispeántais atá le teacht.
Beir Beannacht agus Bua,
Olivier